Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Baint áirithe ag Adams le hionsaí buamála' – fulangaí

10 MARCH 2026, 16:07

Gerry Adams ag dul isteach sa chúirt inniu
X Facebook

In Ardchúirt Shasana i Londain, dúirt duine den triúr atá ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams gur ar son na córa agus ar son na ndaoine uile a d'fhulaing mar gheall ar ghníomhartha an IRA a chuaigh sé i muinín an dlí.

Cuireadh tús leis an gcás inné agus meastar go dtabharfaidh Gerry Adams féin fianaise an tseachtain seo chugainn.

Mar is iondúil i gcásanna sibhialta, níl aon ghiúiré ann agus is é an Breitheamh Jonathan Swift a thabharfaidh an breithiúnas.

Tá an triúr fear ag cur an dlí ar Gerry Adams faoi thrí mhórionsaí buamála a rinne an tIRA i Sasana sna 1970idí agus sna 1990idí.

Líomhnaíonn an triúr gur ball den IRA a bhí in Gerry Adams ag an am, líomhain atá séanta aige go minic.

Is iad an triúr atá i gceist John Clark a gortaíodh i mbuamáil an Old Bailey i Londain ar an 8 Márta 1973; Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Dhuganna Londan ar an 9 Feabhra 1996; agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Mhanchain ar an 15 Meitheamh 1996.

Is é Jonathan Ganesh an chéad duine den triúr a thug fianaise inniu.

Dúirt sé gur chreid sé go raibh ról mór ag Gerry Adams san IRA agus go raibh baint áirithe aige leis an ionsaí buamála ar Dhuganna Londan.

Thug sé le fios gur bhain tráma millteanach dó de bharr na buamála, lena n-áirítear deacrachtaí meabhairshláinte, agus dúirt go raibh sin ar cheann de na fáthanna nach ndeachaigh sé i muinín an dlí roimhe seo.

A fhearacht sin ag Barry Laycock a dúirt gur fhulaing sé féin go mór de bhíthin an ionsaithe i Manchain agus nach raibh uaidh anois ach an chóir a bhí ag dul dó agus d'fhulangaithe eile.

Dúradh nach mbeadh John Clark in ann teacht i láthair na cúirte mar nach bhfuil sé ar fónamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ