Tá tús curtha sa Phríomh-Chúirt Choiriúil le triail fir 33 bliain d'aois atá cúisithe i ndúnmharú fir 59 bliain a sádh 27 uair ina áras cónaithe i gCo Mhaigh bliain go leith ó shin.
Tá Liam O'Leary ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú John Casserley i mBéal an Átha i dtuaisceart Mhaigh Eo idir an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Dúradh sa chúirt gur go gairid sular maraíodh John Casserley a chuir an bheirt aithne ar a chéile.
Bhí árasán i lár Bhéal an Átha ar cíos ag John Casserley ó Iontaobhas Peter McVerry agus bhí Liam O'Leary ag fanacht aige ar feadh scaithimh.
Is i gCoilllte Mach i gCo Mhaigh Eo a bhí cónaí ar Liam O'Leary roimhe sin.
Dúradh sa chúirt gur chuala comharsana le John Casserley an bheirt fhear ag sáraíocht ar a chéile san árasán ar an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Chuaigh Liam O'Leary chuig an árasán béal dorais agus labhair sé leis an mbean a bhí ina conaí ann.
Tháinig John Casserley amach as a árasán féin, thosaigh an bheirt ag aighneas arís agus theith an bhean agus a mac ón áit.
Ní fhaca aon duine John Casserley ina bheatha ina dhiaidh sin, seachas Liam O'Leary, a dúradh.
Thug abhcóide an Stáit Dean Kelly le fios gur sádh John Casserley i mórán gach ball dá chorp agus dúirt gur gníomh brúidiúil nach bhfuil insint air a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


