Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Treoir tugtha gan an dlí a chur ar Michael Lowry

11 MARCH 2026, 15:38

An Teachta Dála Neamhspleách as Tiobraid Árann Michael Lowry ag Teach Laighean
X Facebook

Tá treoir tugtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar an Teachta Dála Neamhspleách as Tiobraid Árann Michael Lowry de thoradh ar foilsíodh ina leith i dtuarascáil Bhinse Fiosrúcháin Moriarty in 2011.

Dúradh sa tuarascáil sin gur thug Michael Lowry agus é ina Aire Rialtais, gur thug sé eolas substainteach don fhear gnó Denis O'Brien, eolas an-luachmhar a chuidigh leis an mBrianach ceadúnas a fháil ón Stát le seirbhís nua fón póca a sholáthar don phobal.

Dúradh freisin sa tuarascáil go raibh a ndearna an polaiteoir "náireach agus fealltach".

I ráiteas a d'eisigh sé aréir, dúirt Michael Lowry go raibh an tuarascáil úd "lochtach" agus gur maslaíodh é go rialta ó shin dá bharr, gur tarraingíodh droch-chlú air agus go ndearnadh líomhaintí bréagacha ina aghaidh.

Thug sé le fios chomh maith gur chomhoibrigh sé leis na Gardaí agus gur labhair sé leo dá dheoin féin nuair a bhí líomhaintí ina aghaidh á bhfiosrú acu.

"In ainneoin a bhfuil i dtuarascáil Moriarty", arsa Michael Lowry, "níl aon chúiseamh á dhéanamh orm i dtaca le caimiléireacht, mí-iompar in oifig phoiblí, tairbhe phearsanta ná breabaireacht".

Ghabh sé buíochas lena theaghlach, lena chairde, le muintir Thiobraid Árann agus le muintir Chill Chainnigh Thuaidh a dúirt sé a bhí dílis dó agus a raibh iontaoibh acu as ar feadh an achair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ