Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Kneecap: achomharc an ionchúisimh diúltaithe

11 MARCH 2026, 15:45

Liam Óg Ó hAnnaidh ag labhairt leis na meáin agus le lucht tacaíochta Kneecap ag preasócáid i mBéal Feirste inniu
X Facebook

In Ardchúirt Shasana i Londain, diúltaíodh achomharc a rinne an tseirbhís ionchúiseamh thall maidir leis an gcás sceimhlitheoireachta a bhí tugtha in aghaidh duine den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste.

Bhí na hionchúisitheoirí ag iarraidh go gcuirfí Liam Óg Ó hAnnaidh ar a thriail tar éis do chúirt níos íochtaraí i Londain an cás a tionscnaíodh ina aghaidh a chaitheamh amach an fómhar seo caite.

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe ag na póilíní i mbratach a bhain leis an eagraíocht Hezbollah a nochtadh ag ceolchoirm de chuid Kneecap san O2 Forum in Kentish Town i dtuaisceart Londan ar an 21 Samhain 2024 agus sa mhana "Hamas Abú! Hezbollah Abú!" a fhógairt.

Nuair a tháinig an chúis os comhair na cúirte in Woolwich ar an 26 Meán Fómhair anuraidh, más ea, d'ordaigh an Breitheamh Paul Goldspring an cás a chaitheamh amach ar an mbonn gur thug na húdaráis faoi go neamhdhleathach.

Dhearbhaigh an Breitheamh Goldspring nach raibh cead tugtha ag Ard-Aighne Shasana an cás a thabhairt nuair a chuir na póilíní in iúl do Liam Óg Ó hAnnaidh go rabhthas leis an dlí a chur air, bunriachtanas ar chóir é a bheith curtha i ngníomh de réir gnáis.

BELFAST, NORTHERN IRELAND - MARCH 11: (L-R) Liam Óg Ó hAnnaidh, aka Mo Chara, Naoise Ó Cairealláin, aka Móglaí Bap and J. J. Ó Dochartaigh, aka DJ Próvaí, of the band Kneecap attend a press conference following a High Court ruling which upheld the decision to drop the terrorism case against Liam Og
Kneecap: Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara), Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap) JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí)

San Ardchúirt inniu, d'aontaigh beirt bhreitheamh eile leis an rialú úd agus dúirt siad "nár cuireadh agus nach gcuirfí an freagróir [Liam Óg Ó hAnnaidh] ar a thriail".

D'fhógair siad freisin "nár ciontaíodh é agus nár neamhchiontaíodh é".

I ráiteas a d'eisigh a dhlíodóirí thar a cheann ina dhiaidh sin, mhaígh Liam Óg Ó hAnnaidh "nach raibh aon bhaint ag 'sceimhlitheoireacht' leis an gcúis agus nach raibh ann ach iarracht ag Rialtas na Breataine míchlú a tharraingt ar na daoine a chuireann siad faoi chois in Éirinn agus ar fud na cruinne, go háirithe sa Phalaistín".

"Ní chuirfear gobán ionamsa, ní chuirfear gobán in Kneecap", arsa sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ