Tá sé fógartha ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go gcuirfear ar an margadh idirnáisiúnta 400 milliún bairille ola ó stoc cúltaca bhallstáit na heagraíochta sin le súil go saoirseoidh breosla, agus é daoirsithe as miosúr le seachtain go leith.
Níor cuireadh ar fáil riamh roimhe seo an oiread sin ola ón stoc cúltaca ó bunaíodh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh leathchéad bliain ó shin agus is ionann 400 milliún bairille agus an tríú cuid den stoc cúltaca uile.
Tá an chorraíl sa Mheánoirthear ag cur isteach ar sholáthar breosla agus tá praghas ola agus praghas gáis ag ardú an t-am ar fad, go háirithe agus Caolas Hormuz amach ó chósta theas na hIaráine ina cheantar comhraic.
Roimhe seo, ba thríd an gcaolas sin a seachadadh an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain gach aon lá.
1.2 billiún bairille ola atá i stoc cúltaca na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, a bhfuil 32 ballstát ann, agus coinnítear i dtaisce é ar eagla na héigeandála domhanda.
Ar a shon sin, tá 600 milliún bairille eile i dtaisce le haghaidh na hearnála tionsclaíche amháin.
$90.87 a bhí ar bhairille amhola Brent ar na margaí idirnáisiúnta tráthnóna, ar ardú de 3.5% é sin ón am céanna inné.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur chóir do sholáthraithe ola in Éirinn a gcuid praghsanna a ísliú a thúisce a bheas bonn measartha daingean faoin margadh arís, is é sin má bhíonn an toradh a theastaíonn ar a bhfuil leagtha amach ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


