Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Lá crua Márta geallta ó Chiarraí go hAontroim amárach

11 MARCH 2026, 15:57

Gailfean geallta ar fud na tíre amárach
X Facebook

Tá foláireamh buí gaoithe fógartha sa tír ar fad amárach agus déanfaidh sé lá crua Márta.

Ón meán oíche anocht a thiocfas feidhm leis an bhfoláireamh i sé chontae is fiche an Stáit seo agus tiocfaidh deireadh leis ag 6 a chlog tráthnóna amárach.

Deir Met Éireann gurb í an ghaoth aniar aneas a dhéanfas an díobháil agus deir siad go scuabfaidh sí chun bealaigh, agus í faoi lánracht, aon rud nach bhfuil greamaithe, ceangailte ná iata go docht.

Ina cheann sin, b'fhéidir go leagfaí crainn agus nach mbeadh aon dul timpeall orthu ar roinnt bóithre.

Tá fearthainn throm geallta amárach freisin agus ceaptar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna.

Tá foláireamh buí dá gcuid féin fógartha ag na meitéareolaithe i sé chontae an Tuaiscirt.

Níl an buí chomh domhain ó thuaidh agus atá sé ó dheas an uair seo, shílfeá, arae is gairide i bhfad an foláireamh atá fógartha ag na Tuaisceartaigh.

Is idir 6 a chlog ar maidin amárach agus meán lae a bheas feidhm leis an bhfoláireamh gaoithe sa tír thuaidh – dhá uair an chloig déag níos giorra ná sa chuid eile den tír.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ