Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Leasathair Ellie Flanagan cúisithe ina dúnmharú

12 MARCH 2026, 14:27

Fuarthas corp Ellie Flanagan i dteach in Inis Ceithleann Dé Sathairn seo caite
X Facebook

Tugadh fear 45 bliain d'aois os comhair cúirte in Inis Ceithleann i gCo Fhear Manach ar nasc físe inniu agus é cúisithe i ndúnmharú Ellie Flanagan, bean 23 bliain a bhfuarthas a corp i dteach ar an mbaile sin Dé Sathairn seo caite.

Is é leasathair Ellie Flanagan, Martin McCarney, an té atá cúisithe ina dúnmharú.

Tá sé cúisithe freisin i dtrí scian a bheith ina sheilbh aige agus rún aige dúnmharú a dhéanamh.

Fuair na póilíní corp Ellie Flanagan sa teach agus fiosrúchán ar bun acu faoi ghluaisteán a d'imigh den bhóthar i sráidbhaile an Iompú Deiseal, trí chiliméadar déag soir ó thuaidh ó Inis Ceithleann.

Sa chúirt inniu, dúirt abhcóide Martin McCarney nach raibh óna chliant iarratas ar bhannaí a dhéanamh.

Dúirt an t-abhcóide freisin gur mhian leis an gcúisí a leithscéal a ghabháil as a raibh déanta aige.

Cuireadh Martin McCarney siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair na cúirte ar nasc físe arís é coicís ón Luan seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ