Tar éis bháis in aois a aon bhliain déag is ceithre scór tá Ronnie Delany, an reathaí clúiteach a bhuaigh an bonn óir ar son na hÉireann sa rás 1500 méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Melbourne san Astráil i 1956.
San Inbhear Mór i gCo Chill Mhantáin i 1935 a rugadh Ronnie Delany agus d'aistrigh an teaghlach go Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé sé bliana d'aois.
Chomh maith leis an mbonn óir a bhuaigh sé in Melbourne, bhuaigh sé an bonn cré-umha i gCraobh na hEorpa i Stócólm i 1958 agus an bonn óir i gCluichí Domhanda na nOllscoileanna i Sóifia i 1961.
Chaith Ronnie Delany seal ag obair in Aer Lingus agus seal eile ina dhiaidh sin i gcomhlacht farantóireachta an B&I sular bhunaigh sé comhlacht margaíochta agus comhairleoireachta spóirt dá chuid féin.
Bronnadh Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath air in 2006 agus in 2019 nochtadh dealbh de i bPáirc Uí Dhúshláine san Inbhear Mór, eastát tithíochta a ainmníodh as féin le hurraim dó.
Tá ómós tugtha go forleathan don laoch lúthchleasaíochta ó fógraíodh gur cailleadh é.
Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann Peter Sherrard agus an tAire Spóirt Patrick O'Donovan, duirt siad araon gur thug ar bhain Ronnie Delany amach misneach do lúthchleasaithe eile na tíre agus gur 'ambasadóir' iontach ar son na hÉireann a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


