Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ardú 7.9% ar an líon áras cónaithe a fuair cead pleanála in 2025

12 MARCH 2026, 15:16

Tugadh cead pleanála do 34,974 áras cónaithe in 2025 le hais 32,401 in 2024
X Facebook

Bhí ardú 7.9% ar an líon tithe agus árasán ar tugadh cead pleanála dóibh anuraidh, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Ardú 8.8% a bhí i gceist i gcás tithe agus ardú 7.3% i gcás árasán.

Tugadh cead pleanála do 34,974 áras cónaithe in 2025 i gcomórtas le 32,401 in 2024.

Ní hionann sin agus a rá, áfach, gur tógadh nó go dtógfar na hárais sin ar fad, agus is iomaí claí atá le caitheamh sular féidir an dlaoi mhullaigh a chur ar áit chónaithe ar bith sa tír seo.

Mar le dlúthcheantar cónaithe Bhaile Átha Cliath as féin – idir an chathair agus contae – léiríonn na figiúirí is deireanaí go raibh ardú 20.3% ar an líon árasán ar tugadh cead pleanála dóibh ansin anuraidh.

Deir saineolaithe tithíochta nach mór 50,000 áras cónaithe nua a thógáil gach bliain le dul i ngleic leis an easnamh náisiúnta.

Tá sé geallta ag an Rialtas 300,000 áras cónaithe nua a thógáil idir 2025 agus earr na bliana 2030.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ