Caithfidh an imirce isteach sa tír seo dul chun sochair do mhuintir na hÉireann feasta, a deirtear i ndréachtcháipéis nua ón Rialtas.
Deirtear freisin sa cháipéis nár mhór do dhaoine a thagann chun cónaí sa tír seo meas a bheith acu ar ghnáis shóisialta agus chultúrtha na hÉireann.
Tá sé i gceist ag an Rialtas straitéis nua maidir le hinimirce a bhunú ar an dréachtcháipéis nó ar chodanna de.
Tarraingítear aird ann ar an €2 bhilliún a chaitear go bliantúil ar lóistín do dhaoine ón gcoigríoch a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu in Éirinn agus deirtear nach bhfuil sin "inmharthana".
I dtaca leis sin de, luaitear figiúirí a d'fhoilsigh an Roinn Tithíochta an mhí seo caite a léiríonn gur eachtrannaigh iad 50% den 12,000 duine fásta a bhí ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát i mí Eanáir.
Is oifigigh ón Roinn Dlí agus Cirt a dhréachtaigh an cháipéis ar seoladh ar aghaidh é chuig Airí Rialtais.
Meastar go bhfoilseoidh an Rialtas an straitéis nua níos deireanaí i mbliana.
Tá "reitric" na dréachtcháipéise cáinte ag Páirtí an Lucht Oibre, áfach.
Mhaígh ceannaire an pháirtí sin Ivana Bacik gur "ag dreasú na conairte" atáthar agus dúirt go dtéann an inimirce chun sochair d'Éirinn cheana féin, go háirithe geilleagar na tíre.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


