Tá sé ráite ag Bord Chontae na Gaillimhe de chuid Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil siad toilteanach ceann a chur ar chainteanna idir clubanna áirithe i gcathair na Gaillimhe maidir le h-easaontas atá tosaithe eatarthu le roinnt seachtainí.
Baineann an t-easaontas le h-iarratas pleanála atá déanta ag ceann de na cumainn is mó sa chathair Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach le háiseanna nua a thógáil istigh idir dhá chumann eile sa chathair.
Chuir CLG Bhóthar na Trá - Chnoc na Cathrach iarratas pleanála faoi bhráid Chomhairle Chathair na Gaillimhe i mí Feabhra le háiseanna nua a fhorbairt ar shuíomh 22 acra i Mionchluain, siar ó bhealach an N59 i gcathair na Gaillimhe. Beidh dhá ghnáth pháirc imeartha agus páirc amháin uile-aimsire faoi thuilshoilse, chomh maith le seastáin feáchana ina gcuid den fhorbairt a chosnóidh €10milliún.
Tá Cumann Bhóthar na Trá - Chnoc na Cathrach ar cheann de na cumainn is mó i gcúige Chonnachta. Tá 2,300 ball acu idir peil, iomáint, camógaíocht agus peil na mban. Cé gur ar an Mhachaire i mBóthar na Trá atá a gclubtheach agus a bpríomh pháirc imeartha, tá an oiread sin éilimh ar áiseanna go mbíonn orthu leas a bhaint as páirceanna ar Bhóthar na Ceapaí, ag Coláiste na Coiribe, Coláiste Muire Máthair, agus páirc Mhic Craith i gCnoc na Cathrach.
Dúirt Méadbh Seoighe ón Chumann go gciallóidh an fhorbairt nua i Mionchluain nach mbeidh siad ag brath ar áiseanna eagraíochtaí eile agus go mbeidh smacht acu ar a gcuid pleananna féin.
"Beidh muid in ann caighdeán a chur ar fáil agus freastal ar an líon mór imreoirí óga atá ag iarraidh a bheith páirteach sa cheithre spórt a chuirtear ar fáil sa chlub."
Míshásamh ar chlubanna eile sa cheantar
Ach ní mó ná sásta atá an dá chlub eile atá gar dóibh sa cheantar chéanna. Dúirt Lorcán Mannion, rúnaí Chumann Peile Naomh Mícheál ar chiumhais thiar na cathrach go bhfuil imní orthu go "sciobfaidh Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach leath dár n-imreoirí."
Dúirt sé go bhfuil an Cumann "i bhfábhar áiseanna nua ach áiseanna féaráilte do gach duine. Ní h-é an freagra club amháin teacht isteach agus club eile a bheith imithe dá bharr – sin go díreach an imní atá orainn."
Tá CLG Rathún an Caisleán Nua - ar club iomána iad - dhá chiliméadar ón suíomh atá roghnaithe ag Cumann Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach dá bpleananna forbartha. Dúirt siad le Nuacht go bhfuil clubanna uilig na cathrach ag streachailt le easpa spáis agus easpa áiseanna i gcathair a bhfuil fás as cuimse ag teacht uirthi. Dúirt siad go bhfuil imní mhór orthu faoin fhorbairt atá pleanáilte ag Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach "chomh cóngarach sin" dá gclub féin.
Bóthar na Trá - Cnoc na Cathrach dá gcuid áiseanna nua.
Le seachtain anuas tá póstaeirí agóide curtha in airde i Mionchluain agus ag croisbhóthar an Chlaí Bháin agus Bhaile an Mhóinín, in éadan na bpleananna forbartha.
I dteachtaireacht a chuir an Bord chuig clubanna uilig na cathrach inniu, dúirt siad go mbaineann cuid mhaith den phlé go dtí seo le h-imní na gclubanna eile go n-imeoidh a gcuid ball chuig Cumann Bhóthar na Trá - Chnoc na Cathrach. Dúirt an Bord, cé nach bhfuil teorainneacha club ar bith leagtha síos i gcathair na Gaillimhe, go dtuigeann siad go gcaithfear dhul i ngleic leis an cheist.
Dúirt an Bord gur trí "chainteanna díreacha idir na clubanna a réiteofar an t-easaontas." Dúirt siad go mbeadh "áiseanna á roinnt idir na clubanna éagsúla" agus "teorainneacha ceantair a aontú" i measc na bhféidireachtaí réitigh.
Dúirt an Bord go bhfuil siadsan toilteanach ceann a chur ar na cainteanna réitigh agus d'iarr siad ar na clubanna a bheith páirteach.
Craoladh tuairisc faoin scéal seo ar Nuacht TG4 anocht.


