Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Bonneagar na hIaráine á leacú tuilleadh ag Iosrael, Meiriceá

13 MARCH 2026, 18:20

Deatach ag éirí as foirgnimh i lár phríomhchathair na hIaráine, Tehran, 13 Márta 2026
X Facebook

Tuairiscítear go bhfuil an draoi céadach diúracán á radadh ag fórsaí míleata Iosrael le príomhchathair na hIaráine, Tehran, inniu tar éis dóibh, a deir siad, barr ar 200 marc in iarthar agus i lár na tíre sin a bhualadh inné.

Deir na hIosraelaigh go raibh an mór-ruathar sin a rinne siad inné dírithe ar ionaid lainseála diúracán, ar ionaid déantúsaíochta arm agus ar chórais chosanta na hIaráine.

Tá fórsaí Mheiriceá ag diúracadh leo i gcónaí chomh maith agus iad mionnaithe, a deir siad, i gcomhar leis na hIosraelaigh, réimeas dialathach na hIaráine a threascairt.

Tuairiscítear freisin go bhfuil bailte i ndeisceart na Liobáine, agus an ceantar mar a ritheann, á dtrombhuamáil ag na hIosraelaigh an athuair.

Deir na hIosraelaigh gur ar lucht Hezbollah atá a gcuid arm dírithe ach, mar a léiríonn íomhánna ón gceantar, ní cosúil gur chruinn a n-amas ná gur miste leo sin.

a woman in a read dress with blood and dust on her face is helped by other people after an airstrike in lebanon
Baile Mieh Mieh i ndeisceart na Liobáine tar éis d'fhórsaí Iosrael an áit a bhuamáil, 13 Márta 2026
First aid responders evacuate a body from the site
Corp á thabhairt chun bealaigh ag na seirbhísí éigeandála in Mieh Mieh, 13 Márta 2026

Agus i dtaca le bású as éadan sibhialtach de, tá sé admhaithe ag na Meiriceánaigh gurbh iad a bhí freagrach as bunscoil do chailíní a shéideadh i ndeisceart na hIaráine ag dul chun coicíse ó shin.

Maraíodh thart ar 150 cailín óg, chomh maith lena múinteoirí, nuair a bhuamáil aerfhórsa Mheiriceá an scoil i mbaile Minab.

Deir na Meiricéanaigh gur faisnéis a bhí as dáta ba shiocair leis an iomrall.

Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, tar éis gur chas sé an sléacht leis na hIaránaigh iad féin roimhe seo níl aon ní ráite aige ina leith ó shin.

Ina leaba sin, go deimhin, mhaígh sé i ráiteas confach díbheirgeach ar a mheán sóisialta féin go raibh "ceannairí na hIaráine díothaithe ... gur bhithiúnaigh mhallaithe iad ... agus gur mhór an onóir dó féin iad a mharú díreach mar a bhí daoine gan urchóid maraithe acusan le leathchéad bliain".

A billboard depicting an image of US President Donald Trump with a message thanking him, is displayed on the side of a building in the Israeli coastal city of Tel Aviv
Fógra buíochais in Tel Aviv, Iosrael

Murab ionann agus tíortha go leor sa Mheánoirthear, tá Iosrael in alt a cosanta tríd is tríd ach bearnaíonn an corrdhiúracán ón Iaráin na línte anois is arís mar sin féin.

Tugadh trí scór duine chun an ospidéil i dtuaisceart Iosrael – sibhialtaigh, de réir dealraimh – mar gheall ar ionsaí dróin a rinne na hIaránaigh ar an áit.

Tuigtear nach bhfuil aon duine acu gortaithe go dona.

Níl sé soiléir ar bhain an drón ceann riain amach nó arbh amhlaidh a gortaíodh na daoine sin de bharr pléisce a tharla nuair a chuir aerfhórsa Iosrael an drón malairt slí.

ZARZIR, ISRAEL - MARCH 13: Men look at a crater outside a home destroyed by an Iranian missile strike on March 13, 2026 in Zarzir, Israel. Israel's ambulance service said that more than 50 people were treated for injuries due to the strike. Iran has continued firing waves of drones and missiles at I
Poll fágtha sa talamh ag diúracán ón Iaráin i mbaile Zarzir i dtuaisceart Iosrael, 13 Márta 2026

San Araib Shádach, tuairiscítear gur cuireadh 28 drón ón Iaráin malairt riain nó gur séideadh iad ar shroichint aerspás na tíre dóibh.

Deir na húdaráis in Dubai, áfach, cé gur chuir siad féin dróin ón Iaráin malairt slí freisin gur bhuail smionagar ó cheann acu foirgneamh i lár na cathrach.

a large cloud of smoke hung over a central area of Dubai
Deatach ag éirí as foirgneamh in Dubai, 13 Márta 2026

Tá praghas breosla ag daoirsiú i gcónaí i bhfianaise na corraíola sa Mheánoirthear.

$100 a bhí ar bhairille amhola Brent ar maidin inniu, sin ardú de 9% ó inné.

Dealraíonn sé go bhfuil smacht áirithe ag an Iaráin go fóill ar Chaolas Hormuz agus thug aireacht gnóthaí eachtracha na tíre le fios go ligfí do longa dul tríd an muinceann uisce sin ach cead a lorg i dtosach ó chabhlach na hIaráine.

In dhiaidh sin féin, tá leagan amach dá chuid féin ag Trump agus mar chúiteamh ar an easnamh tá na smachtbhannaí ola atá curtha ar an Rúis maolaithe aige.

Tá cead tugtha aige do thíortha eile ola a cheannach ó thancaeir Rúiseacha atá faoi choinneáil i gcalafoirt éagsúla ar fud an domhain.

Meastar gur teannadh le 100 milliún bairille ola atá i gceist.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />