Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Caidreamh idir Éire agus an Bhreatain níos tábhachtaí ná riamh'

13 MARCH 2026, 16:06

Micheál Martin agus Keir Starmer i ngairdíní Theach Fhóite i gCo Chorcaí inniu
X Facebook

Éire agus an Bhreatain ag obair as lámha a chéile, sin é an bealach is fearr lena chinntiú go dtiocfaidh an dá thír slán as an ngábh agus go mbeidh rath orthu san am le teacht, a dúirt an Taoiseach Micheál Martin i ndiaidh cruinniú a bhí aige le Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer i dTeach Fhóite i gCo Chorcaí inniu.

Dúirt Keir Starmer go dtugann an chorraíl is deireanaí sa Mheánoirthear tuilleadh tábhachta fós don chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire.

I gcomhráiteas, dúirt an bheirt cheannairí gur cheadaigh siad go hoifigiúil inniu comhthograí agus comhfhiontair éagsúla a dhaingneodh an caidreamh sin.

Socraíodh an líonra cáblaí snáthoptaice faoin muir idir Éire agus an Bhreatain a neartú, a dúradh, agus déanfaidh an dá thír roinnt tástálacha slándála i gcomhar le chéile chun seasmhacht na gcáblaí sin a phromhadh agus chun a chinntiú go mbeadh an dá thír in ann dul i ngleic le héigeandáil sa líonra ar an bpointe boise.

Is le dúil na cáblaí a chosaint ar stáit naimhdeacha atáthar ag dul i gceann na hoibre sin agus roinnfidh Éire agus an Bhreatain faisnéis le chéile, a dúradh, faoina bhfuil ar siúl ag an namhaid ar chrioslach na mara, faoina bun agus ar an ngrinneall.

Is iad Muir Éireann agus an tAtlantach thoir thuaidh an dá limistéar farraige atá i dtreis.

Diomaite de chúrsaí slándála, fógraíodh inniu chomh maith roinnt beartas páirte eacnamaíochta.

Deimhníodh go bhfuil cúig chomhlacht déag as Éirinn le breis agus €900 milliún a infheistiú sa Bhreatain agus go gcruthófar 850 post nua de bhíthin na dtograí éagsúla a thionscnófar.

Seirbhísí corparáide, fuinneamh in-athnuaite, teileachumarsáid agus earnálacha nach iad atá i gceist.

Cheana féin, táthar ag tógáil idirnascairí móra cumhachta idir Éire agus an Bhreatain Bheag agus idir an Stát seo agus an Tuaisceart, dhá thionscadal a bhfuil €850 milliún euro á infheistiú iontu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ