Deir Aireacht Sláinte na Liobáine go bhfuil suas le dhá dhuine dhéag maraithe, idir dhochtúirí agus altraí a bhuíochas don ionsaí a rinne fórsaí Iosrael ar ionad cúram leighis i ndeisceart na tíre sin.
Deir an aireacht go ndearna Iosrael 2 ionsaí ar áiseanna sláinte sa tír laistigh de chúpla uair a chloig.
Tuairiscítear freisin go bhfuil Iosrael i ndiaidh bonneagar síbhialta a bhuamáil, bóithre agus droichid ina measc seo.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu go bhfuil an feachtas buamála atá ar bun ag a chuid fórsaí i dteannta le fórsaí na Stát Aontaithe ag cloí na hIaráine chomh maith le Hezbollah sa Liobáin.
D'iarr sé ar phobal na hIaráine éirí amach i gcoinne réamas Mojtaba Khamenei agus an Phoblacht Ioslamach san Iaráin a chur de dhroim seoil.
Tá sé ráite ag an ollcheannaire Khamenei go n-agróidh an Iaráin díoltas as a cuid saoránach ar fad atá maraithe de bharr na n-ionsaithe seo atá fulaingte aici le coicís.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil a chuid fórsaí siúd i ndiaidh ionsaithe a dhéanamh ar bhunáiteanna míleata ar oileán Kharg san Iaráin.
Tá sé ag bagairt ionsaithe a dhéanamh freisin ar scaglainn ola ansin.


