Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bás mná á fhiosrú i gCorcaigh

14 MARCH 2026, 15:35

Timpiste a bhí i mbás Kelly Cremin a deir na gardaí
X Facebook

Tá na gardaí ag fiosrú bás mná 32 a bhfuarthas a corp ina teach cónaithe i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh tráthnóna inné.

Deir siad tráthnóna áfach gur dócha gur timpiste a bhí i mbás Kelly Cremin, an bhean 32 bliain d'aois atá i gceist..

Tá scrúdú iarbháis curtha ar a corp anois ag paiteolaí an Stáit, an Dochtúir Yvonne McCartney.

Réiteofar cód anois faoina bás don Choiste Cróinéara do Chathair Chorcaí.

Ba ag 5.30 a tháinig gardaí ar chorp Kelly Cremin sa teach seo atá in iarthar na cathrach.

Deir siad nach raibh aon duine eile sa teach ag an am.