Inniu a chuir an Taoiseach tús lena chuairt oifigiúil ar na Stáit Aontaithe inniu mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig.
Is i Philadelphia atá an Taoiseach ar dtús áit a bhfuil sé i láthair ag ócáidí bainteach le cúrsaí polaitiúla,eacnamaíochta agus cultúrtha.
D'Fhreastal sé ar ócáidí ag Ionad Cuimhneachán na nÉireannach.
In agallamh leis an bpreas ansin dúirt sé go raibh drogal air a rá cén uair a dhéanfaí an cinneadh i dtaca leis an Rialtas ag ísliú na cánach ar bhreosla i bhfianaise ardú ar phraghas na hola de bharr na cogaíochta sa Mheánoirthear.
Tá praghas na hola méadaithe as cuimse ó chuir Iosrael agus Meiriceá cogadh ar an Iaráin agus an Liobáin ansin le coicís anuas.
Thug an Taoiseach cuairt freisin ar an músaeim a dhéanann comóradh ar Réabhlóid Mheiriceá.
Osclóidh sé go hoifigiúil freisin an t-ionad nua de chuid Diaspora na nÉireannach thall ansin.
Tuigtear freisin go dtabharfaidh sé an phríomhóráid ag Ollscoil Villanova.
Deir an Taoiseach go mbainfidh sé úsáid as an gcuairt seo chun béim a chur ar chúrsaí trádála agus infheistíochta idir an dá thír.
Deir sé freisin go bpléifear cúrsaí domhanda, ina measc bealaí faoina bhféadfaidh Éirinn agus an tAontas Eorpach comhoibriú leis na Stáit Aontaithe chun theacht ar shocraithe síochánta sa Mheánoirthear agus san Úcráin.
Is ar an Mháirt, Lá le Pádraig féin a bhuailfidh sé leis an Uachtarán Trump sa Teach Bán i Washington.


