Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gardaí ag fiosrú bás fir i gCo.Chill Mhantáin

14 MARCH 2026, 13:04

Gardaí ag fiosrú an scéil
X Facebook

Tá fear sna hochtóidí tar éis bháis de bharr na ngortaithe a d'fhulaing sé nuair a bhuail bus faoi i gCo.Chill Mhantáin níos túisce an tseachtain seo.

Tharla an timpiste ar Bhóthar an Stáisiúin i mBré tráthnóna arú inné.

Ag siúl an bhóthair a bhí an fear ag an am, gortaíodh go dona é agus tugadh chuig Ospidéal Naomh Uinseann é.

Deir na gardaí gur cailleadh é tráthnóna inné agus go gcuirfear scrúdú iarbháis anois.

Rinneadh scrúdú dlieolaíoch ar an láthair agus tá na gardaí ag lorg eolais ón bpobal.