D'iarr an Taoiseach Micheál Martin nach ngabhfaí níos faide leis an gcogadh san Iaráin agus gur chóir deireadh tapa a chur leis.
Dúirt sé freisin gur theastaigh ón Rialtas anseo go dtabharfaí tús áite do chosaint na sibhialtach thall ansin agus go gcaithfí socrú síochánta taighleoireachta a fháil ar an gcogadh.
Bhí sé ag labhairt le hiriseoirí i Philadelphia.
Tá sé ráite ag Rialtas na hIaráine tráthnóna go bhféadfadh sé spriocanna áirithe a bhualadh in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus dúirt le sibhialtaigh atá ina gcónaí in aice na gcalafort agus na nduganna aslonnú as na ceantair sin.
Maíonn an Iaráin go bhfuil fórsaí Mheiriceá ag úsáid na gceantar seo chun spriocanna ar oileáin leis an Iaráin a bhualadh.


