Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Oileán Kharg tagtha faoi thréanionsaí ó fhórsaí Mheiriceá

14 MARCH 2026, 20:23

Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag bagairt go tréan
X Facebook

Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil a chuid fórsaí siúd i ndiaidh ionsaithe a dhéanamh ar bhunáiteanna míleata ar oileán Kharg, oileán de chuid na hIaráine atá 24 ciliméadar amach óna cósta.

Dúirt sé go bhfuil áiseanna míleata ar fad ar an oileán scriosta anois.

Tá an tUachtarán Trump ag bagairt ionsaithe a dhéanamh freisin ar scaglainn ola ansin mura stopann an Iaráin ag cur bac ar longa taisteal thrí Chaolas Hormuz.

Is ar an oileán seo ar ndóigh a chuirtear ar fáil 90% d'ola na hIaráine.

D'iarr Donald Trump go láidir ar an Bhreatain,an tSín,an Fhrainc, an tSeapáin agus an Chóiré Theas chomh maith le tíortha eile longa cogaidh a sheoladh chuig Caolas Hormuz le gur féidir le longa ola feidhmiú arís.

'Caithfidh tíortha eile a bhraitheann ar ola ón Mheánoirthear a gcion féin a dhéanamh' a dúirt an tUachtarán Trump 'agus gheobhaidh siad chuile chabhair ó Mheiriceá'.

D'fhógair Rialtas Mheiriceá inniu freisin go bhfuil sé ag cur 5,000 trúpa breise chuig an Mheánoirthear.