Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Tánaiste i Londain don fhéile

15 MARCH 2026, 18:27

An Tánaiste Simon Harris
X Facebook

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris go bhfuil beartais á réiteach ag an Rialtas a d'fhéadfadh cabhrú le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála anseo de bharr an chogaidh san Iaráin.

Is i Londain atá sé inniu mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig.

Bhí cruinniú aige ansin le Seansailéir Stát Chiste na Breataine,Rachel Reeves agus le Leas Phríomh Aire na Breataine,David Lammy.

D'fhreastal sé ar Pharáid na Féile Pádraig i Londain níos deireanaí agus bhuail sé le ceannairí pobail na nÉireannach thall ann ina dhiaidh sin.

Amárach tabharfaidh sé aitheasc os comhair na bhfeidhmeannach gnó ag ócáid a bheidh ar siúl ag an bhForas Tráchtála Éireannach Breataineach.

Ina dhiaidh sin beidh cruinnithe aige le Rachel Reeves agus David Lammy.