Tá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag bagairt breis ionsaithe a dhéanamh ar Oileán Kharg amach ón Iaráin,
Seo é an t-oileán breis is fiche míle amach ón gcósta as a n-easportáileann an Iaráin 90% dá cuid ola.
Tá sé á mhaíomh anois ag an Uachtarán Trump go bhfuil Oileán Kharg nach mór scriosta ag fórsaí Mheiriceá.
Dúirt sé le Nuacht NBC go mba fhéidir go dtabharfadh a chuid fórsaí arís faoin oileán, le teann spraoi mar a dúirt sé.
Dúirt sé san agallamh céanna gur iarr an Iaráin margadh a dhéanamh ach nár thaitin coinníolacha an mhargaidh leis.
Dúirt an Iaráin nach bhfuil a ráiteas fíor agus nach ndearnadh aon iarracht margadh a dhéanamh.
Dúirt Aire Gnothaí Eachtracha na tíre sin go bhfáilteofaí roimh aon bheartas a chuirfeadh deireadh leis an gcogadh seo, ach go gcaithfí chinntiú nach dtosódh sé arís in athuair agus go mbronnfaí cúiteamh ar an Iaráin.
Tá an tUachtarán Trump ag bagairt ionsaithe a dhéanamh freisin ar scaglainn ola ar oileán Kharg mura stopann an Iaráin ag cur bac ar longa taisteal thrí Chaolas Hormuz.
Tá iarrtha ag Donald Trump go láidir ar an Bhreatain,an tSín,an Fhrainc, an tSeapáin agus an Chóiré Theas chomh maith le tíortha eile longa cogaidh a sheoladh chuig Caolas Hormuz le gur féidir le longa ola feidhmiú arís.
'Caithfidh tíortha eile a bhraitheann ar ola ón Mheánoirthear a gcion féin a dhéanamh' a dúirt an tUachtarán Trump 'agus gheobhaidh siad chuile chabhair ó Mheiriceá'.
Tá bagairt déanta ag an Iaráin ar thíortha eile a bheadh ag smaoineamh a ladar a chur isteach agus dul ina choinne sa chogadh seo.
I ráiteas ón Rialtas i Tehran deir sé go bhfuil neart fianaise aige go bhfuil bunáiteanna Meiriceánacha i dtíortha Arabacha á n-úsáid le hionsaithe a dhéanamh ar an Iaráin.
Lean sí inniu le hionsaithe ar an Arab Shádach, ar Chúáit, ar Aontas na nEimireachtaí Arabacha agus ar Iosrael.
Tá costas fuinnimh ardaithe as cuimse de bharr an chogaidh seo sa Mheánoirthear ar cuireadh tús leis breis is coicís ó shin.
Áirítear suas le 2,000 duine a bheith marbh go dtí seo, a bhformhór san Iaráin.
D'fhógair Rialtas Mheiriceá inné go bhfuil sé ag cur 5,000 trúpa breise chuig an réigiún.


