Tá droch-bhail san ospidéal ar fhear a bhfuarthas é gan aithne gan urlabhra i lár chathair Bhéal Feirste tráthnóna inné.
Tá póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) ag fiosrú an scéil agus ag iarraidh a dhéanamh amach an bhfuil aon cheangal idir an fear agus eolas faoi ionsaí a cuireadh faoina mbráid tamall gairid roimhe sin.
Tá siad ag iarraidh ar aon duine sa bpobal a bhí i gceantar an Ascail Ríoga tráthnóna inné teacht chun cainte leo.


