Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil aerfort na Sionainne á úsáid ag eitleáin de chuid aerfhórsa na Stát Aontaithe atá páirteach sa bhfeachtas buamála thall san Iaráin.
Bhí an Taoiseach ag labhairt le lucht na meán i Philadelphia níos túisce inniu.
Dúirt Micheál Martin nach bhfuil an tSionainn á úsáid ar aon bhealach i dtaca leis an gcogadh i Gaza ná san Iaráin, agus nach aon fhírinne a mhalairt a rá.
Dúirt sé freisin go raibh rialacha leagtha amach maidir le húsáid aerspás na hÉireann agus nach raibh aon fhianaise láidir ann go raibh na Meiriceánaigh á shárú seo.
D'admhaigh an Taoiseach áfach go bhfuil a dhúshlán féin ag baint le fiosrúcháin a chur sa tsiúl i dtaca le sárú an aerspáis nó dul i ngleic le haon sárú dá léithid.
Is é inniu an dara lá ag an Taoiseach,Micheál Martin ar a chuairt chun na Stát Aontaithe do cheiliúradh na Féile Pádraig.
Tá béim mhór á cur ag an Taoiseach ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh idir Éirinn agus na Stáit Aontathe.
Beidh sé i Philadelphia formhór an lae sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Washington DC níos deireanaí tráthnóna.
Dúirt sé aréir go raibh Éirinn diongbháilte leanacht leis an gcaidreamh sin.
Ar maidin inniu i Philadelphia leag an Taoiseach bláthfhleasc ag dealbh John Barry, fear a ndeirtear a bhí lárnach i mbunú Chabhlach na Stát Aontaithe.
Freastlóidh sé ag ócáid fáiltithe ansin in Ambasáid na hÉireann anocht.
Amárach ansin beidh cruinnithe aige le lucht gnó agus polaitiúil sa chathair.


