Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr buaite ag Jessie Buckley

16 MARCH 2026, 10:21

Jessie Buckley ag glacadh leis an ngradam Oscar ag an searmanas in Hollywood aréír
X Facebook

Tá an gradam Oscar don bhanaisteoir is fearr buaite ag an Éireannach Jessie Buckley as an mórpháirt a bhí aici sa scannán Hamnet.

Bronnadh an deilbhín dealraitheach óir ar Jessie Buckley ag an searmamas bliantúil in Hollywood aréir.

Ba í rogha na coitiantachta í don ghradam as páirt Agnes a ghlacadh sa scannán, bean chéile William Shakespeare agus máthair Hamnet.

Scéal grá agus scéal tragóideach a bhfuil gach saghas coir ann atá sa scannán ina léiríonn Jessie Buckley a hildánacht agus a sárchumas mar aisteoir tríd síos.

Is as Cill Airne i gCo Chiarraí Jessie Buckley agus bhí a tuismitheoirí Marina agus Tim, agus a deirfiúr Lily, i láthair ag an ócáid ghalánta le tacú léi agus lena héacht a cheiliúradh ina cuideachta.

Is iad Saoirse Ronan agus Ruth Negga an t-aon bheirt Éireannach eile a ainmníodh don bhanaisteoir is fearr ó bunaíodh na gradaim Oscar 98 bliain ó shin.

Aimnníodh Jessie Buckley don bhanaisteoir tacaíochta is fearr in 2022 as an bpáirt a bhí aici sa scannán The Lost Daughter.

Finscéal staire is ea Hamnet atá bunaithe ar úrscéal a scríobh an t-údar Maggie O'Farrell, arb as Cúil Raithin i gCo Dhoire í ó dhúchas.

Is é an t-aisteoir as Baile Átha Cliath Paul Mescal a bhí ina William Shakespeare in Hamnet, agus bhí sé féin agus stiúrthóir an scannáin Chloé Zhao ar na chéad daoine a thréaslaigh a héacht le Jessie Buckley aréir.

 Paul Mescal and Jessie Buckley
Paul Mesca ag tréaslú a héacht le Jessie Buckley

Fuair an scannán ocht n-ainmniúchán ach ba í bean Chill Airne an t-aon bhuaiteoir as a measc.

Agus í ag glacadh leis an deibhín óir ceithre charat is fiche, ghabh Jessie Buckley buíochas ó chroí lena tuismitheoirí, lena fear céile agus a n-iníon óg, agus lena teaghlach ar fad in Éirinn agus gach áit dá mbí siad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ