Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche.
Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann.
Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin chomh maith.
Ní tráth faillí ná moille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil sráidbhailte i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís.
Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh freisin.
Is cosúil gur scaoil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann.
Tá deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé nach bhfuil sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort.
Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na scórtha drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin.
Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin.
Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe go fóill ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin.
Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb'fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a ligean tríd.
Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin. Tá, agus an Bhreatain – iar-bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith.
Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas.
Níl sé soiléir cad go baileach a dhéanfadh na longa cabhlaigh ón Eoraip sa chuid sin de Mhurascaill na Peirse ach thug Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le tuiscint go mb'fhéidir go mba leor nod bagrach do na heolaigh san Iaráin.
É sin ar fad i bhfianaise éileamh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz chun a chinntiú go mbeadh cead isteach ann agus cead amach as an athuair ag tancaeir.
Is tríd an gcaolas sin a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás leachtaithe an domhain gach aon lá.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


