Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

36 rang speisialta breise le cur ar fáil

18 MARCH 2026, 15:10

Is ag freastal ar pháistí a bhfuil uathachas orthu a bheas na ranganna speisialta nua
X Facebook

Tá 36 rang speisialta breise le cur ar fáil i scoileanna príomhshrutha i dtús na chéad scoilbhliana eile mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Is i mbunscoileanna a bheas naoi gcinn déag de na ranganna speisialta nua, i scoileanna dara leibhéal a bheas na seacht gcinn déag eile.

Is ag freastal ar shainriachtanais pháistí a bhfuil uathachas orthu a bheifear den chuid is mó, seachas i rang amháin den 36.

Beidh seacht gcinn de na ranganna breise i scoileanna i mBaile Átha Cliath, cúig cinn i gCorcaigh, cúig cinn i Luimneach, ceithre cinn i gCill Chainnigh agus ceithre cinn i gCill Dara.

Fógraíodh cheana go raibh os cionn 350 rang speisialta breise le cur ar fáil mí Mheán Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ