Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tarlóirí sásta go bhfaighidh siad 'tacaíocht mhór' ón Rialtas

19 MARCH 2026, 15:13

Bearta fónta ó tharlóirí bóthair na tíre
X Facebook

Bhí cruinniú ag ionadaithe na dtarlóirí bóthair leis an Aire Iompair Darragh O'Brien inniu leis an ardú as miosúr atá tagtha ar phraghas breosla a phlé.

Bhí sé tugtha le fios ag na tarlóirí roimh an gcruinniú go rachaidís i muinín na hagóidíochta mura ndéanfadh an Rialtas moltaí fónta agus bearta dá réir go haibéil chun praghas breosla a laghdú.

I ndiaidh an chruinnithe, más ea, dúirt siad go raibh an plean sin curtha siar acu agus dúirt go raibh siad sásta, ón méid a bhí ráite ag Darragh O'Brien leo, go gcuirfeadh an Rialtas "tacaíocht mhór" ar fáil dóibh an tseachtain seo chugainn.

Tá praghas breosla ag ardú go seasta le dul chun trí seachtaine mar gheall ar an gcorraíl sa Mheánoirthear.

Barr ar €2 atá ar lítear díosail faoi láthair agus i bhfoisceacht an €2 atá lítear peitril.

Molann na tarlóirí an cháin charbóin a chur ar fionraí agus an dleacht mháil ar bhreosla a chiorrú.

Thug an Tánaiste Simon Harris le fios tráthnóna inné go raibh bailchríoch á chur ag an Rialtas ar "bhearta cuí" i dtaca le praghas breosla de, agus cé nár thug sé mórán eolais eile uaidh dúirt go mba é an gad ba ghiorra don scornach a ghearrfaí.

Pléifear an scéal, a dúirt sé, sa chéad chruinniú Comhaireachta eile Dé Máirt seo chugainn.

Roimh ráiteas an Tánaiste, i nDáil Éireann, mhol an Teachta Dála Pearse Doherty ó Shinn Féin cánacha breosla a laghdú ar bhonn éigeandála go ceann sé mhí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ