Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear ciontaithe i ndúnmharú a pháirtí i gCorcaigh

20 MARCH 2026, 08:20

27 bliain d'aois a bhí Daena Walsh agus bhí beirt pháistí aici
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, ciontaíodh fear 31 bliain d'aois i ndúnmharú a pháirtí a bhfuarthas a corp in áit chónaithe na lánúine in oirthear Chorcaí mí Lúnasa 2024.

Sin é Adam Corcoran, as Baile an Chollaigh i gCorcaigh ó dhúchas, a phléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Daena Walsh ina n-árasán i dTeach Sheáin de Barra, Sráid Uí Chonghaile, i Mainistir na Corann ar an 2 Lúnasa 2024.

27 bliain d'aois a bhí Daena Walsh, ba as an Tóchar i gCo Chill Mhantáin í ó dhúchas agus bhí beirt pháistí aici.

Dúradh sa triail gur sádh agus gur gearradh Daena Walsh 25 uair, agus gur beag nár teascadh a lámh chlé.

Adam Corcoran

Mhaígh Adam Corcoran ar dtús gur chuir sí lámh ina bás féin ach nuair a croscheistíodh é sa chúirt d'admhaigh sé gurbh é féin a mharaigh í. Mhaígh sé, mar sin féin, nár chuimhin leis í a mharú.

Ciontaíodh Adam Corcoran freisin san árasán a chur trí thine i ndiaidh dó an marú a dhéanamh.

Dhá uair an chloig go leith a chaith na giúróirí ag cíoradh an cháis agus ag déanamh a marana air, agus is d'aon ghuth a chiontaigh siad an cúisí ar deireadh.

Gearrfar príosún saoil ar Adam Corcoran mar atá sainordaithe de réir dlí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ