Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ollamh cúnta i UCD tugtha os comhair na cúirte

20 MARCH 2026, 18:30

X Facebook

Tugadh ollamh cúnta ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, os comhair na cúirte ar maidin maidir le teacht mídhleachtach a bheith aige ar shonraí pearsanta a bhain le mic léinn sa choláiste sin.

Gabhadh an Dr Stephen Davis, 53 bliain d'aois, le seoladh baile ag Elgin Wood, Bré, Contae Chill Mhantáin ar maidin i ndiaidh fiosrúcháin de chuid Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána.

Mar chuid dá bhfiosrúchán, chuir na Gardaí os cionn 100 duine faoi agallamh, daoine ar éirigh leis an Dr Davis eolas pearsanta agus íomhánna dá gcuid a aimsiú go mídhleathach.

Dúirt Bleachtaire Garda ó Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána gur bhain na coireanna le úsáid a baineadh as bogearra faoi leith le pasfhocail a ghoid.

Cúisíodh Dr Stephen Davis, léachtóir seandálaíochta in 148 coir, ciapadh ina measc.

Dr Stephen Davis at court

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís ar an 24ú Iúil.

Deir na Gardaí go bhfuil siad fós ag dul i dteagmháil le híospartaigh agus ag tairiscint tacaíochta dóibh agus go bhfuiltear fós ag plé le Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.