D'fhreastail na céadta ar shochraid an amhránaí Dolores Keane i gCill Chuanna i gContae na Gaillimhe tráthnóna.
Bhásaigh an ceoltóir ag a teach cónaithe i gCathair Loistreáin Dé Luain. Bhí sé 72 bliain d'aois.
Bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly agus iar-Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins i láthair.
Bhí Aide de Camp an Taoisigh, an ceannfort Joseph Glennon ag déanamh ionadaíochta ar son an Taoisigh.
Tugadh siombail do shaol agus do shaothar Dolores Keane go dtí an altóir, ina measc, ceann dá halbaim, gradam saoil, consairtín agus cupán.
Bhí ceoltóirí ó ar fud na tíre i láthair, ina measc, Finbar Furey agus Matt Molloy.
Dúirt príomh-cheiliúraí an Aifrinn, an tAthair Peter Glennon gur bean umhal a bhí i Dolores Keane agus gur deacair cur síos a dhéanamh ar an sásamh a bhain daoine as a bheith ag éisteacht lena cuid amhrán.
Cuireadh Dolores Keane i reilig Dhomhnach Pádraig.


