Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt maraithe in eitleán a bhuail inneall dóiteáin ag aerfort

23 MARCH 2026, 13:45

Píolóta agus comhphíolóta maraithe agus na scórtha gortaithe
X Facebook

Maraíodh an píolóta agus an comhphíolóta ar scairdeitleán réigiúnda de chuid Air Canada Express aréir nuair a bhuail an soithíoch faoi inneall dóiteáin le linn di a bheith ag tuirlingt ag Aerfort LaGuardia i Nua-Eabhrac, agus b'éigean an tAerfort ar fad a dhúnadh de bharr na tubaiste.

Gortaíodh na scórtha a deir NBC News.

Deir an stáisiún nuachta gur oifigigh póilíní a bhí ar bord an innill ag an am, agus gur briseadh lámha agus cosa sáirsint agus oifigeach eile.

72 paisinéir agus ceathrar criú a bhí ar an Air Canada Express CRJ-900, feidhmithe ag Jazz Aviation, agus í ag teacht as Montreal i gCeanada.

Tuairim is 25 míle/san uair an luas a bhí faoin eitleán, de réir Flightradar24, nuair a bhuail sí an t-inneall dóiteáin díreach roimh meánoíche.

An Air Canada Express CRJ-900 sits on the runway after colliding with a Port Authority fire truck at LaGuardia Airport
Srón an CRJ-900 crochta san aer tar éis na timpiste

Meastar go mbeidh an tAerfort dúnta go dtí truthnúna inniu ag a 2 a chlog am na háite a deir Údarás Eitlíochta na Stát Aontaithe.

18 n-eitilt go dtí seo atá curtha chuig aerfoirt eile i Nua-Eabhrac, nó i gcúpla cás seolta ar ais as a dtáinig siad.

Emergency personnel respond to the Port Authority fire truck that was struck by a landing Air Canada Express plane

Deir údaráis póilíneachta agus dóiteáin go raibh an t-ineall agus na póilíní ar an rúidbhealach ag déileáil le eachtra eile nuair a thuirling an t-eitleán as Montreal.

Deir seirbhís fógraí éigeandála na cathrach go mbeidh moill ar thrácht agus roinnt bóithre dúnta i gceantar LaGuardia - aerfort ar bhain 30 milliún duine leas as anuraidh - ar feadh an lae.