Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Dhéanfadh Natalie máthair den scoth - deartháir tar éis na cúirte

23 MARCH 2026, 18:55

Maraíodh Natalie McNally ina teach cónaithe san Lorgain i gCo Ard Mhacha i 2022
X Facebook

Tá deartháir le Natalie McNally tar éis a dheirfiúr a mholadh go h-ard tar éis an chás cúirte inniu - agus Stephen McCullagh ciontaithe ina dúnmharú - ag rá go mbeadh "máthair den scoth" déanta ag Natalie.

Ghlac muintir na mná buíochas le gaolta, le cairde agus leis an bpobal i gcoitean as a dtacaíocht agus dúirt siad "nach mbeadh muid tagtha ón gcruatan seo marach sibh".

Declan McNally speaks to media outside court
Deartháir le Natalie, Declan, agus a muintir tar éis na cúirte

Labhair a deartháireacha Declan agus Niall McNally os comhair Chúirt Chorónach Bhéal Feirste tar éis do Stephen McCullagh (36) as Woodland Gardens, Lios na gCearrbhach a bheith ciontaithe ina dúnmharú.

Beidh pionós saoil anois le gearradh air.

32 a bhí Natalie McNally agus í 15 seachtainí ag súil lena pháiste nuair a maraíodh ina teach cónaithe í faoi Nollaig 2022.

Labhair Declan McNally faoin "sonas as cuimse" a thug Natalie don teallach agus faoin gcumas a bheadh inti aire a thabhairt don "leanbhín Dean".

Labhair sé freisin faoin bhfoiréagan in aghaidh na mban agus "an dóchas atá againn go bhfaighfidh na cailíní agus na mná ar fad atá ag fulaingt cothrom na féinne agus ceart agus cóir na Cúirte.

Is mór an náire don sochaí ar fad an íde a fhaigheann mná agus cailíní agus ní mór dhúinn ar fad gach is féidir linn a dhéanamh le deireadh a chuir leis".

Léiríodh sa gcás cúirte a mhair 18 lá gur bhuail Stephen McCullagh a pháirtí, gur thacht sé í agus gur sháigh sé í tar éis dó a theacht ar theachtaireachtaí a bhí curtha aici ag fir eile, pairtí eile a bhí aici roimhe sin ina measc.

Stephen McCullagh accused of the murder of Natalie McNally
Stephen McCullagh, a shéan gur mharaigh sé a pháirtí

Tugadh fianaise freisin gur thaifead sé é féin i mbun cluiche ríomhaireachta ar feadh 6 uair a choig roinnt laethanta sular mharaigh sé í, agus gur chraol sé an físeán ar a chainéal YouTube ón 6 a chlog tráthnóna an 18ú Nollag 2022, craoladh beo mar ó dhea.

Seift a bhí ann le deis a thabhairt dó taisteal ar an mbus as Lios na gCearrbhach go dtí an Lorgain le tabhairt faoin dúnmharú.

Tacsaí an bealach abhaile a bhí aige, nuair a theip air a bheith in am don traein, mar a bhí beartaithe aige a dúirt an t-ionchúiseamh.

Thug a muintir sólás dá chéile agus an breithiúnas á thabhairt agus labhair an Breitheamh Kinney go sonrach faoi "dhínit a muíntire go léir agus a tuismitheoirí Bernie agus Noel go háirid" le linn na trialach.