Tá corp faighte sa teach céanna i gCo. Uibh Fhailí inar maraíodh buachaill agus a sheanaintín anuraidh.
Maraíodh an buachaill Tadhg Farrell, 4 bhliana, agus a sheanaint Mary Holt tar éis ionsaí bhuama peitril ar an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin, Éadan Doire an 6 Nollaig seo caite.
Tuigtear gur bhris an tine amach timpeall a 4 ar maidin agus tháinig gardaí, otharchairr agus lucht dóiteáin ar an láthair.
Tuigtear freisin go raibh ball amháin den teaghlach ina chónaí sa teach in ainneoin an dochar mór a rinne ionsaí na Nollag don áit.
Tá sé deimhnithe ag Gardaí ar maidin go bhfuarthas corp ag an teach.
Tá na Gardaí ag fiosrú gach gné den eachtra, agus san áireamh ansin tá an seans gur timpiste thragóideach a bhí ann.
Cuirfear scrúdú iarbháís ar an gcorp, agus deir Gardaí gurb as sin a chinnfear treoir aon fhiosrúcháin a chuirfear ar bun.
Tá an láthair á chaomhnú le scrúdú dlíeolaíoch a dhéanamh air.


