Rad an Iaráin diúracáin ar Iosrael thar oíche,agus bhí bonnáin aer-ruathair le cloisteáil ar fud na tíre, Tel Aviv san áireamh, dar le húdaráis míleata na tíre. Ní léir gur maraíodh aon duine sna hionsaithe agus táthar ag cuardach smionagar roinnt foirgintí sa phríomhchathair.
Tháinig na hionsaithe seo tar éis do scairdeitleáín mhilteata Iosrael ruathair mhóra a dhéanamh ar lár chathair Tehran inné ag díriú ar spriocanna míleata agus an Roinn Faisnéise, dar le hIosrael. Ina theannta sin, deir Iosrael gur buaileadh 50 sprioc breise thar oíche, ionad stórála diúracán bailistíocha agus láithreáin láinseála diúracán.
Tháinig an chogaíocht is deireanaí seo sna sála ar an maíomh a rinne Uachtarán Donald Trump inné go raibh idirbeartaíocht ar bun idir SAM agus an Iaráin agus dá bharr go raibh sé ag cur siar ionsaithe ar infrastruchtúr fuinnimh na hIaráine go ceann 5 lá.
Bhí an bhagairt sin déanta ag Trump de bharr Caolas Hormuz bheith dúnta do thaincéirí ola ag an Iaráin.
Dúirt Donald Trump go riabh comhrá 'maith agus tairbheach' idir an dá thír inar pléadh 'socrú iomlán agus críochnúil leis an gcogaíocht sa Mheán Oirthear.
Ach shéan Tehran gur tharla a leithéid de chomhrá ná de chainteanna ag tabhairt 'bréagnuacht' ar ráiteas Uachtarán na SA.
De bharr an fhógra seo, a rinne an t-uachtarán ar a mheán sóisialta féin, d'ardaigh scaireanna na gcomhlachta ola agus thit praghas an bhairille amhola ar dtús. Ach tar éis ráiteas spéicéar phairlimint na hIaráine nach raibh bunús le maíomh Donald Trump, thit na scaireanna arís, agus d'ardaigh praghas an ola.
Tá níos mó ná 2,000 duine maraithe sa chogadh a thosaigh an 28 Feabhra le hionsaithe ag Iosrael agus na SA ar an Iaráin.


