Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ospidéal na Leanaí: spriocdháta nua eile le fógairt ag BAM

25 MARCH 2026, 16:57

An tOspidéal Náisiúnta Leanaí nua i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag príomhfheidhmeannach Shláinte Leanaí Éireann go n-osclófar an tOspidéal Náisiúnta Leanaí nua "nuair atá sé sábháilte é a oscailt".

Ag éisteacht de Choiste Sláinte an Oireachtais inniu, dúirt Lucy Nugent gur tuairim is seacht mí i ndiaidh do na conraitheoirí na heochracha a thabhairt ar láimh a osclófar an áit go hoifigiúil agus gach cineál téisclime le déanamh idir dhá linn.

Is feasach sinn anois, más ea, in ainneoin ar gheall na conraitheoirí roimhe seo, nach ag deireadh na míosa seo chugainn a bheas an obair thógála críochnaithe.

Dúradh ag an gcoiste inniu gurb é seo an t-ochtú huair déag a bhí an spriocdháta sáraithe ag na conraitheoirí, Royal BAM/BAM Ireland.

Dúirt príomhoifigeach bhord an ospidéil nua David Gunning gur inné a thug BAM le fios nach mbeadh an obair thógála críochnaithe ar an 30 Aibreán mar a bhí geallta.

Tabharfar spriocdháta nua faoi cheann coicíse, arsa sé.

Os a choinne sin, tugadh le fios go bhfuil an saintrealamh leighis ar fad feistithe ann – leithéidí meaisíní radagrafaíochta.

Ina cheann sin, dúradh go bhfuil os cionn 2,850 de na 5,728 seomra réitithe agus go bhfuiltear sásta le caighdeán na seomraí sin.

Ní fios go baileach faoi láthair cé mhéad a chosnóidh an mórthogra iomlán, gan cén uair a osclófar an áit a bhac.

I ráiteas, mhaígh BAM nach bhfuil sé cruinn a rá gur sháraigh siad an spriocdháta críochnaithe ocht n-uaire déag.

Ní chuidíonn a leithéid de mhaíomh le haon duine, a dúirt an comhlacht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ