Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

An spéir ina caor thine sa Mheánoirthear arís ó mhaidin

25 MARCH 2026, 12:43

An spéir os cionn chathair Netanya in Iosrael lasta ag diúracáin ón Iaráin, 25 Márta 2026
X Facebook

Tá an spéir ina caor thine sa Mheánoirthear arís inniu agus diúracáin á dteilgean siar is aniar idir na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ar thaobh amháin agus an Iaráin ar an taobh eile.

Is ag an gcéad dream atá an lámh in uachtar, dar ndóigh, agus iad in ann na buamaí a scaoileadh go seolta le pé ionad is mian leo pé uair is mian leo, i ndáil leis.

Ní amas chomh cruinn sin atá na hIaránaigh a thógáil ar a gcuid marc féin leath na gcuarta agus iad i gcleithiúnas drón agus diúracán nach bhfuil stiúir ná rian díreach fúthu go minic.

Ar a shon sin, is mór an lot a dhéanann siad mar dhiúracáin.

Deir na hIosraelaigh gur bhuail siad buille trom ar an Iaráin nuair a d'ionsaigh siad ionad forbartha fomhuireán i gcathair Isfahan i lár na tíre sin ar maidin inniu.

Rinne buamaí na nIosraelach an-damáiste d'ionaid eile sa chathair sin inné.

Deir na hIaránaigh gur scaoil siad diúracáin chúrsála le hiompróir aerárthaí le cabhlach Mheiriceá, an USS Abraham Lincoln, atá suite amach ó chósta Óman sa Mhuir Arabach.

Ní hionann sin is a rá gur bhain na hurchair sprioc amach, más ea.

ARABIAN SEA - FEBRUARY 6: (----EDITORIAL USE ONLY - MANDATORY CREDIT - 'U.S. CENTRAL COMMAND / HANDOUT' - NO MARKETING NO ADVERTISING CAMPAIGNS - DISTRIBUTED AS A SERVICE TO CLIENTS----) An aerial view of the USS Abraham Lincoln Carrier Strike Group while operating at the Arabian Sea, escorted by tw
Iompróir aerárthaí an USS Abraham Lincoln, 14 Feabhra 2026

Tá sé ina chíor thuathail freisin sa Liobáin agus rún ag na hIosraelaigh binn a thógáil ar dheisceart na tíre sin.

Tuairiscítear go bhfuil cos curtha i dteannta ag 20,000 duine i gcathair na Tuíre agus iad ag cur in aghaidh ordú ó na hIosraelaigh imeacht as an áit.

Cheana féin, tá bunáite na ndaoine sin curtha as a n-áit chónaithe i sráidbhailte thart ar an Tuír.

An elderly displaced woman stands in her room at a school being used as a shelter in Tyre, Lebanon
Faoi sceimhle i dTuír sa Liobáin, 25 Márta 2026

Mar leis an gcaint atá déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar idirbheartaíocht a bheith curtha sa siúl idir na Meiriceánaigh agus na hIaránaigh, tá file fuar déanta de ag na hIaránaigh.

Caithfidh sé gur ag margaíocht leis féin atá Trump, ar siad le teann searbhais.

Ar aon chuma, a dúirt na hIaránaigh, níor lú leo ná an sioc dul chun cainte leis an bhfear céanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />