Beidh 3.2% d'ardú ar ráta an bhoilscithe in Éirinn i mbliana – i gcomparáid leis an 2.2% d'ardú a bhí ann anuraidh – mar gheall ar an gcogadh san Iaráin, dar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.
Má leanann an chorraíl, a deirtear i dtuairisc ráithiúil na hInstitiúide, daoirseoidh raon leathan earraí agus seirbhísí de réir mar a dhaoirseoidh breosla.
Bhainfeadh sin cuid den bhrí as gníomhaíocht gheilleagrach na tíre freisin, a deir na heacnamaithe.
Ar a mhuin sin arís, bheadh fás níos moille ar an ngeilleagar – 2.1% i mbliana, le hais 4.9% anuraidh.
Mar leis an laghdú ar chánacha a ghearrtar ar bhreosla a tugadh isteach ó mheán oíche aréir, dúirt an tOllamh Alan Barrett ón Institiúid gurb iad na líonta tí is fearr as is mó a bhaineann an sochar as bearta mar é "ós acu atá na gluaisteáin is mó agus na tithe is mó".
Nuair a thugtar isteach bearta atá fabhrach do lucht ardioncaim, is ar lucht íosioncaim a théann meath an mhargaidh, cad eile, arsa sé.
Tharraing an tOllamh Barrett aird freisin ar an moill a chreideann sé a chuirfeadh an boilsicú ar thógáil tithe, go háirithe dá rachadh ábhar tógála i ndaoire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


