Tugadh fear 35 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i lear cannabais – luach €110,000 – a bheith ina sheilbh aige in oifigí an chomhlachta Bauer Media, ar leo Newstalk, agus rún aige é a sholáthar.
Sin é Séafra O'Donovan, feidhmeannach margaíochta le Bauer Media, a bhfuil cónaí air i gCúirt Pháirc Líosain i Raghnallach i mBaile Átha Cliath.
Tá oifigí Bauer Media ar Lána Digges, in aice le Sráid Grafton, i lár dheisceart na cathrach.
Gabhadh Séafra O'Donovan tar éis do na Gardai 5.5 cileagram de channabas a fháil sna hoifigí sin arú inné.
Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt an cúisí aon ní nuair a cúisíodh sé sna cionta.
Scaoileadh saor ar bannaí Séafra O'Donovan, faoi réir coinníollacha áirithe, agus tabharfar os comhair cúirte arís é ar an 27 Bealtaine.
Comhlacht raidió tráchtála is ea Bauer Media, ar leo ocht stáisiún san iomlán, chomh maith leis na sraith podchraoltaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


