Tá beirt gafa ag na Gardaí mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun acu faoi ionsaí an-bhrúidiúil a rinneadh ar bhean 29 bliain d'aois i gCo Thiobraid Árann Dé Sathairn seo caite.
Ionsaíodh an bhean, Scarlett Faulkner, ar bhóthar an R494 i gCnocán an Éin Fhinn in iarthar an chontae ag thart ar 5.30 tráthnóna Dé Sathairn.
Gortaíodh go dona sa cheann í agus tugadh ón láthair ar héileacaptar í go dtí Ospidéal Ollscoile Luimnigh.
Aistríodh í ina dhiaidh sin go dtí Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.
Duine den lucht siúil is ea Scarlett Faulkner agus tuigtear gur ionsaíodh í tar éis don ghluaisteán ina raibh sí a bheith curtha den bhóthar d'aon turas ag gluaisteán eile.
Tarraingíodh amach as an ngluaisteán í, thug beirt fogha fúithi agus bhuail siad í le huirlisí.
Chomh maith leis an mbeirt úd, bhí daoine eile i láthair.
I ráiteas, thug na Gardaí le fios go bhfuil físeáin den ionsaí á gcraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta.
D'achainigh siad ar dhaoine gan na híomhánna sin a roinnt go poiblí ach ina áit sin iad a sheoladh ar aghaidh go príobháideach chucusan.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


