Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'1,900 duine maraithe agus 20,000 gortaithe san Iaráin le mí'

27 MARCH 2026, 14:14

Múr déanta d'fhoirgnimh i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 27 Márta 2026
X Facebook

Áirítear gur maraíodh os cionn 1,900 duine san Iaráin agus gur gortaíodh 20,000 eile ar a laghad ó thosaigh fórsaí míleata na Stát Aontaithe agus Iosrael ag buamáil na tíre ceithre seachtaine ó shin.

Is ó Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge a tháinig na figiúirí sin agus is iad lucht Chorrán Dearg na hIaráine a chuir ar fáil iad a chéaduair.

Lean na hIosraelaigh den bhuamáil i gcaitheamh na hoíche agus mhaígh siad ar maidin gur ionsaigh siad ionaid déantúsaíochta arm i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, i gcathair Yazd i lár na tíre.

Tá diúracáin na nIosraelach ag déanamh lot tíre i ndeisceart na Liobáine i gcónaí, agus iad ag leibhéireacht, a deir siad, ar ionaid agus ar bhonneagar le Hezbollah.

Rinne na hIosraelaigh tuilleadh eirligh i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, chomh maith.

Tá na hIaránaigh iad féin ag scaoileadh drón i gcónaí le tíortha comharsanachta agus le hIosrael.

Tuairiscítear neart damáiste a bheith déanta ag na dróin sna tíortha sin aréir ach is cosúil nár maraíodh aon duine.

A bulldozer clears rubble
Béiriút, 27 Márta 2026

Mhaígh Uachtaran na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil na comhráite a deir sé atá ar bun idir na Meiriceánaigh agus na hIaránaigh "ag dul ar aghaidh go seolta".

Dúirt sé go deimhin mar gheall ar "chomh binn agus atá ag éirí leis na comhráite sin" nach gcuirfidh sé i bhfeidhm go ceann deich lá eile ar a laghad an plean atá aige ionaid fuinnimh na hIaráine a scriosadh.

In ainneoin a bhfuil á mhaíomh ag Trump, áfach, deir na hIaránaigh nach bhfuil aon chomhráite ar bun idir an dá thaobh ar chor ar bith.

Ina dhiaidh sin féin, thit praghas ola ar na margaí idirnáisiúnta a luaithe a craobhscaoileadh rá Trump.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ