Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imní go mbeidh feirmeoirí as leasachán gan mhoill

30 MARCH 2026, 15:01

Gan ach teilgean coicíse sa stoc leasacháin atá ag feirmeoirí in Éirinn faoi láthair
X Facebook

Tá an tAontas Eorpach ag cuimhneamh ar bhearta sealadacha a thabhairt isteach chun cabhrú le feirmeoirí atá buailte ag an ardú as miosúr atá tagtha ar phraghas leasacháin ó d'áitigh Meiriceá agus Iosrael orthu ag buamáil na hIaráine mí ó shin.

Tá an Coimisiún Eorpach agus Airí Talmhaíochta na mballstát ar fad ag cíoradh na cúise i gcruinniú sa Bhruiséil inniu.

Baineann an scéal leis an starrán atáthar a bhaint as lastlonga i gCaolas Hormuz i ndeisceart na hIaráine.

Is tríd an gcuigéal fíorthábhachtach sin a sheachadtar an tríú cuid de sholáthairtí amóinia agus úiré an domhain, dhá phríomh-chomhábhar an leasacháin a mbaineann feirmeoirí in Éirinn feidhm as.

Níl ach teilgean coicíse sa stoc atá ag feirmeoirí sa tír seo cheana agus tiocfaidh an crú ar an tairne go gairid ina dhiaidh sin.

Tuigtear go bhfuil Rialtas na hÉireann ag moladh cáin charbóin thrasteorann an Aontais Eorpaigh a chur ar fionraí go ceann atha, i measc moltaí eile, leis an trillín atá ar na feirmeoirí a mhaolú beagán.

Ní mór a rá go ndéanann leasacháin a bhfuil amóinia agus úiré iontu an-dochar don chomhshaol.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ