Tháinig 1.8% d'ardú ar an meán ar phraghsanna do thomhaltóirí sa chéad choicís den mhí seo, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Stadirimh.
Is suntasaí i bhfad ná aon ardú eile, áfach, an t-ardú de 11.1% a tháinig ar phraghsanna fuinnimh i gcaitheamh an achair sin, nach údar iontais é i bhfianaise na corraíola sa Mheánoirthear.
Bailíodh na figiúirí sular shocraigh an Rialtas ar bhearta sealadacha a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ardú as cuimse sin.
I gcodarsnacht le praghsanna fuinnimh, tháinig laghdú de 0.3% ar phraghsanna bia san achar céanna.
Ina dhiaidh sin féin, is ardú de 2.3% a tháinig ar phraghsanna bia le bliain.
Mar le figiúirí bliantúla eile, is 3.6% a bhí sa bhoilsicú bliantúil i bpraghsanna do thomhaltóirí idir thús an Mhárta anuraidh agus dheireadh Feabhra i mbliana, le hais 2.5% idir thús Feabhra anuraidh agus dheiredh Eanáir i mbliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


