Tugadh fear 49 bliain d'aois os comhair na Cúirte Coiriúla Speisialta inniu agus é cúisithe i ndúnmharú an bhrathadóra as Béal Feirste, Denis Donaldson, a lámhachadh sa seanbhathlach tí a raibh sé ina chónaí ann i gceantar na nGleanntaí i gCo Dhún na nGall 20 bliain ó shin.
Sin é Antoin Duffy as an mBráid, Cionn Caslach, i gCo Dhún na nGall, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Denis Donaldson sa Dúchoraidh idir an 3 Aibreán agus an 4 Aibreán 2006.
Eiseachadadh Antoin Duffy as Albain inniu agus ghabh na Gardaí é ag Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Dhónaill i mBaile Átha Cliath go gairid tar éis am lóin de bhun barántais a eisíodh ina leith sa Stát seo in 2019.
Iarbhall den IRA agus iarchomhairleoir sinsearach i Sinn Féin in Stormont ab ea Denis Donaldson, agus thart ar 55 bliain d'aois a bhí sé nuair a maraíodh é.
Iarchime i bPríosún na Ceise Fada a bhí ann agus cara leis an stailceoir ocrais Bobby Sands.
D'admhaigh sé ag preasócáid i mBaile Átha Cliath ar an 16 Nollag 2005 go raibh sé ag obair ar son na bpóilíní sa Tuaisceart agus MI5 na Breataine le breis agus 20 bliain roimhe sin.
Chomh maith leis an dúnmharú, tá Antoin Duffy cúisithe i ngránghunna a bheith ina sheilbh aige sa Dúchoraidh lá an mharaithe agus rún aige beatha a chur i mbaol.
Ina cheann sin arís, tá sé cúisithe in iarracht a dhéanamh ar fhear 28 bliain d'aois, Liam Copeland McGinley, a dhúnmharú i Mín na bPoll i gCo Dhún na nGall ar an 19 Samhain 2007.
Tá sé cúisithe freisin i ngránghunna a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol san áit chéanna an lá céanna.
Chuir an Breitheamh Patrick McGrath an cúisí siar faoi choinneáil go dtí an 13 Aibreán, tráth a thiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís.
Mhaígh 'an Fíor-IRA' in 2009 go mba iad a mharaigh Denis Donaldson.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


