Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gaireas a fágadh i ngluaisteán 'bunúsach ach contúirteach'

31 MARCH 2026, 14:54

Cuireadh an gaireas i gcófra gluaisteáin a tiomáineadh go dtí an stáisiún póilíní sa Lorgain i dtuaisceart Ard Mhacha
X Facebook

Deir na póilíní cé gur déantús an-bhunúsach bhí sa bhuama a fágadh ag stáisiún póilíní i gCo Ard Mhacha aréir, deir siad go bhféadfadh sé pléascadh mar sin féin agus an-urchóid a dhéanamh.

Bhí an buama i ngluaisteán le seachadóir mearbhia ar cuireadh iallach air faoi phian bháis an fheithicil a thiomáint go stáisiún póilíní na Lorgan i dtuaisceart Ard Mhacha.

Creidtear gur easaontóirí poblachtacha a bhí freagrach as an bhfeillbheart a cáineadh go forleathan.

Is cosúil go raibh an gaireas measartha mór, chomh mór le mála cáipéisí, dar leis na póilíní.

Lurgan Police Station
Stáisiún póilíní na Lorgan

Bhí an seachadóir bia i gceantar Choill Mhic Giolla Chaoich sa Lorgain nuair a tháinig beirt fhear a raibh púicíní orthu roimhe agus gunna láimhe ag duine acu.

Chuir na fir an gaireas i gcófra an ghluaisteáin agus d'ordaigh siad don fhear í a thiomáint go dtí an stáisiún póilíní.

Mura ndéanfadh sé rud orthu, a dúirt siad leis, lámhachfaidís é.

A thúisce a bhain an fear an stáisiún amach, d'imigh sé as an ngluaisteán, ar den déanamh Audi í, agus thug sé rabhadh ar bhaol don fhoireann slándála a bhí ar dualgas ar aghaidh an tí.

Aslonnaíodh daoine ó thart ar chéad teach cónaithe faoi gcuairt don stáisiún agus b'éigean do roinnt daoine an oíche a chaitheamh i Halla an Bhaile.

Bhain saineolaithe ó Arm na Breataine an urchóid as an mbuama trína inpléascadh isteach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ