Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Buachaill (16) cúisithe i ndúnmharú fhear anuraidh

01 APRIL 2026, 16:20

Stephen Clarke a bhásaigh 6 seachtainí tar éis a ionsaithe
X Facebook

Tá buachaill 16 bliain d'aois tar éis a bheith os comhair cúirte agus é cúisithe i ndúnmharú fhear anuraidh i gCo Thiobraid Árann.

Curtar ina leith gur ionsaigh sé an fear i gCaisleán na Cranncha, 12km as Aonach Urmumhan, an 10ú Márta 2025.

Tugadh Stephen Clarke, a bhí 37, chuig an ospidéal agus é gortaithe go han-dona.

Bhásaigh sé de bharr an ionsaithe breis is mí dár gcionn, an 25ú mí an Aibreáin 2025.

Ní féidir ainm an bhuachalla a fhoilsiú os rud é go bhfuil sé faoi-aois.

Ar maidin a tugadh os comhair Chúirt Dúiche Thiobraid Árann é i nDúrlas Éile.

Thug an Bleachtaire Padraig O'Leary fianaise faoina ghabháil agus a chúiseamh ag éisteach nár mhair ach cúpla nóiméad.

Dúirt sé nach raibh freagra ón mbuachaill nuair a cúisíodh é.

Dúirt an Breitheamh Marie Keane nach raibh sé d'údarás aici bannaí a cheadú ar chúiseamh faoi dhúnmharú.

Tugadh le fios don chúirt go raibh áit don ógánach ar an gCampas Coinneála don Óige i mBaile an Oibricigh i mBaile Átha Cliath.

Chuir an Breitheamh Keane an déagóir siar faoi choinneáil ansiúd le theacht os comhair cúirte arís ar nasc-físe faoi cheann seachtaine.