Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Baol stoirme geallta faoi Cháisc

01 APRIL 2026, 17:12

Gála geallta ar an gcósta thiar agus ar an gcósta thuaidh
X Facebook

Tá aimsir ghránna agus baol stoirme romhainn deireadh seachtaine na Cásca agus Oifig na hAimsire ag tuar gálaí agus fuarlaigh cois cósta.

Tráthnóna a d'fhógair Met Éireann an foláireamh faoi "shruth luaineach Atlantaigh" a bheith ar na bacáin, as a nginfear aimsir stoirmiúil in áiteacha Dé Sathairn, agus an baol ann go séidfidh gálaí mór agus siotaí contúirteacha aniar agus aniar-aneas.

Séidfidh sé ina ghála isteach ón bhfarraige, beidh tonnta arda ann agus contúirt go mbeidh fuarlaigh forleathan cois cladaigh.

Ar an gcósta thiar agus ar an gcósta thuaidh is mó atá an chontúirt.

Tá rabharta mór na n-éan linn, rud a thabharfaidh taoide ard i dteannta an bhorradh stoirme ar muir.

Roimhe sin ar fad titfidh an teocht go mór anocht, céim faoi bhun an reophointe geallta in áiteacha agus sioc geallta.

Beidh sé fuar fliuch amárach, agus báisteach ag leathadh soir trasna na tíre, agus tá fuarlaigh geallta i gceantair i gConnachta.