Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí

02 APRIL 2026, 15:07

X Facebook

In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin.

Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin "ar ais sa chlochaois arís", mar a dúirt sé.

Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine.

An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí.

Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith.

"Is againne atá na cártaí uile", a dúirt sé aréir, "agus gan oiread agus ceann acusan [na hIaránaigh]".

Ar a shon sin, is 'súil na muice' a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas 'an aoin truif' féin acu ar a ndúirt sé, arae dhaoirsigh amhola Brent go dtí $108.15 an bairille ar maidin inniu – ardú de 7% ó inné.

MIDLAND, TEXAS - MARCH 16: A pump jack is seen at sunset on March 16, 2026 in Midland, Texas. Oil prices have risen roughly 4% as the recent conflict involving Iran, the United States, and Israeli forces heightens global concerns over energy costs. Attacks on energy infrastructure and shipping disru
Amhola Brent daoirsithe arís

Ach an oiread le lucht airgeadais, níl aon mheas ag an Taoiseach Micheál Martin ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin a ath-chlochaoisiú le buamaí.

Níl glacadh ar bith le caint mar é, arsa an Taoiseach. Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint [seachas iad a dhealbhú], a dúirt sé.

Thug an Taoiseach le fios freisin nach raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar bhreosla a chiondáil in Éirinn – ar ala na huaire seo ar aon chuma – agus dúirt go raibh teilgean míosa sna soláthairtí breosla atá againn faoi láthair.

Mar sin féin, dhearbhaigh sé go dtacódh an Rialtas le lucht an chaill is mó, tarlóirí agus gach aon saghas lúib eile sa slabhra soláthair bia.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ