Tá ceathrar gafa ag na Gardaí faoi lear mór cannabais a fuarthas i gCo Chill Dara inné.
Measann na Gardaí luach €7 milliún a bheith sa channabas a fuair siad nuair a chuardaigh siad ionad in aice le Baile Átha Í in iardheisceart Chill Dara.
Is san ionad sin a thóg na Gardaí an ceathrar – triúr fear sna tríochaidí agus sna daichidí, agus bean sna fichidí.
Chuardaigh na Gardaí roinnt ionad eile i gCo Chill Dara inné mar chuid den fhiosrúchán céanna.
Níl mórán eile ráite ina thaobh fós ag na Gardaí ach thug siad le fios go bhfuil an cannabas le seoladh chuig Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann faoi thuairim a anailísithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


