Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fiosrúchán faoi bhás príosúnaigh i bPort Laoise

02 APRIL 2026, 11:27

Fuair an fear bás i bPríosún Lár na Tíre inné
X Facebook

Tá fiosrúchán ar bun faoi bhás príosúnaigh i bPríosún Lár na Tíre i bPort Laoise.

Dhearbhaigh Seirbhís Phríosúin na hÉireann go bhfuair an fear bás ansin inné.

Is iad an tSeirbhís Phríosúin féin, Oifig an Chigire Príosún agus an Garda Síochána atá i mbun an fhiosrúcháin.

I ráiteas, dúirt an tSeirbhís Phríosúin go dtugtar faoi fhiosrúchán mar é nuair is léir go dteastaíonn sé.

Rinneadh comhbhrón sa ráiteas le teaghlach agus le cairde an fhir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ