Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Luaidreáin nua faoi Chuarbhóthar na Gaillimhe

02 APRIL 2026, 17:29

Tranglam tráchta i gcathair na Gaillimhe
X Facebook

Seán Canney, Aire Stáit sa Roinn Iompair agus Teachta Dála Neamhspleách i nGaillimh Thoir, thug sé le fios inniu go raibh an-dóchas aige go dtabharfaí cead pleanála do Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe lá ar bith feasta.

Cé gur tugadh cead pleanála in 2021 an cuarbhóthar ocht gciliméadar déag a thógáil, tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nár cuireadh san áireamh Plean Gnímh an Stáit ar son na hAeráide agus an togra á mheas.

Cuireadh an cead pleanála ar ceal in 2022 mar gheall ar an bhfaillí sin.

Tuigtear gur nuashonraíodh an t-iarratas ar chead pleanála ó shin agus nach bhfuiltear ach ag fanacht anois le cinneadh ón gCoimisiún Pleanála.

Á mbeophianadh ag an bhfanacht atá daoine, áfach, dar le Seán Canney.

Tá an cuarbhóthar le tógáil idir Bearna ar chiumhais thiar na Gaillimhe agus Cúil Each ar an gciumhais thoir agus costas €1 bhilliún luaite leis.

Dar le daoine atá ina fhabhar go maolóidh sé an brú mór tráchta thart ar chathair na Gaillimhe ach deir daoine atá ina aghaidh go gcuirfidh sé go mór le hastaíochtaí carbóin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ